Amhránaíocht/Singing

 For the words of Sí mo bhean an rógaire, sí mo bhean an cladhaire        click here       Si mo bhean an rogaire

 Is Trua gan Peata an Mhaoir Agaim

 

 

 

 

 

Dawning of the day

Fainne Geal An Lae” / “The Dawning of the Day” in 3/4 time Words

Maidin moch do ghabhas amach

Ar bhruach Locha Léin

An Samhradh ‘teacht ‘s an chraobh len’ ais

Is ionrach te ón ngréin

Ar thaisteal dom trí bhailte poirt

Is bánta míne réidhe

Cé a gheobhainn le m’ais ach an chúileann deas

Le fáinne geal an lae

 

Ní raibh bróg ná stoca, caidhp ná clóc

Ar mo stóirín óg ón speir

Ach folt fionn órga síos go troigh

Ag fás go barr an fhéir

Bhí calán crúite aici ina glaic

‘S ar dhrúcht ba dheas a scéimh

Do rug barr gean ar Bhéineas deas

Le fáinne geal an lae

 

Do shuigh an bhrídoeg síos le m’ais

Ar bhinse glas den fhéar

Ag magadh léi, bhíos dá maíomh go pras

Mar mhnaoi nach scarfainn léi

‘S é dúirt sí liomsa, “Imigh uaim

Is scaoil ar siúl mé a réic

Sin iad aneas na soilse ag teacht

Le fáinne geal an lae

 

 

Oró sé do bheatha abhaile

 

Oró, sé do bheatha abhaile,

Oró, sé do bheatha abhaile,

Oró, sé do bheatha abhaile

Anois ar theacht an tsamhraidh.

 

‘Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar,

do ba é ár gcreach tú bheith i ngéibheann,

do dhúiche bhreá i seilbh méirleach,

is tú díolta leis na Gallaibh.

 

Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile,

óglaigh armtha léi mar gharda,

Gaeil iad féin is ní Gaill ná Spáinnigh,

is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.

 

A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceann,

mura mbim beo ina dhiaidh ach seachtain,

Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch,

ag fógairt féin ar Ghallaibh.

Bookmark and Share

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *